10,453 dalta as 58, 787 san iomlán nach ndearna an scrúdú Gaeilge san Ardteist i mbliana.
Is ionann sin agus 17.8% de na daltaí a rinne scrúduithe na bliana seo. Seo an chéad uair ar tháinig ardú ar líon na ndaltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge ó 2012.
Go hiondúil, bíonn díolúine ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.
Fuair 45.8% den 23,176 duine a rinne scrúdú ardleibhéal Gaeilge san Ardteist i mbliana ceann de na trí ghrád is airde.
Tá na figiúirí ar aon dul beagnach leis na cinn anuraidh, nuair a fuair 46.1% na trí ghrád is airde.
Fuair 33.3%, nó duine as gach triúr, ceann de na trí ghrád is airde i scrúdú ardleibhéil an Bhéarla i mbliana agus 34.1% a rinne amhlaidh sa Mhatamaitic, rud a fhágann gurb í an Ghaeilge an croí-ábhar ab éasca arís le torthaí maithe a bhaint amach ann.
De réir thorthaí na hArdteiste atá foilsithe inniu ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit, 23.4% díobhsan a rinne an scrúdú Gaeilge ardleibhéil a fuair an dá ghrád is airde, nó A1 agus A mar a bhíodh.
Níor theip ach ar 0.4% de na daltaí ardleibhéil, méadú beag ar an ráta teipe anuraidh, 0.3%.
Fágann sin gur sa Ghaeilge atá an ráta teipe is ísle i scrúduithe na hArdteiste.
48,334 dalta a rinne scrúdú Gaeilge in 2019, ag áireamh ardleibhéal, gnáthleibhéal agus bonnleibhéal. Méadú atá anseo ar líon na ndaltaí - sin 46,451 a rinne an scrúdú Gaeilge in 2018.