Deir na póilíní i nDoire gur hionsaíodh iad le buamaí peitril agus péinte aréir.
Bhí idir 30-40 duine páirteach sna hionsaithe a thosaigh tráthnóna inné.
Cuireadh barracáid bheag in airde agus ansin le thine i Sráid Fhathna atá ar thaobh cheantar náisiúnach Thaobh an Bhogaidh.
Dúirt an Ceannfort PSNI Gordon McCalmont gur seo an tríú hoíche a bhí ar an phobal cur suas le neamhord agus scrios. "Ní theastaíonn na radharcanna náireacha seo ar na sráideanna. Déagóirí a bhí an-óg a bhí páirteach sa trioblóid aréir ach níl amhras ar bith orm gur daoine fásta a bhí á stiúradh le hionsaí a dhéanamnh ar phóilíní agus ar láithreacha siombalacha thart ar bhallaí na cathrach "
Deir na póilíní gur díríodh peann léasair ar héileacaptar na bpóilíní - rud a chuir an criú agus daoine áitiúla i gcontúirt.
Rinne an PSNI achainí ar dhaoine a bhfuil tionchar acu tabhairt ar na daoine óga stop a chur leis an iompar seo a deir siad atá ag cur a mbeatha féin agus daoine eile i gcontúirt.
Dúirt siad go bhfuil sé i gceist daoine a ghabháil nuair a bhaileofar fianaise ceamara níos déanaí.
Tá an trioblóid seo ag tarlú i ndiaidh mháirseáil bhliantúil na bPrintíseach thart ar bhallaí na cathrach ag an deireadh seachtaine.