skip to main content

Comhar Creidmheasa Gaeltachta ar lorg bainisteoir nua

Feidhmíonn an Comhar Creidmheasa in Indreabhán trí mheán na Gaeilge.
Feidhmíonn an Comhar Creidmheasa in Indreabhán trí mheán na Gaeilge.

Tá sé tugtha le fios ag Comhar Creidmheasa Cholmcille in Indreabhán, Cois Fharraige go bhfuil socmhainní luach €50 milliún acu agus bainisteoir nua á lorg acu.

Tá Comhar Creidmheasa Cholmcille ag lorg bainisteoir ginearálta le teacht i gcomharbacht ar Ruairí Ó Néill, atá le ceapadh mar Bhainisteoir Réigiúin an Iarthair d'Údarás na Gaeltachta.

Feidhmíonn an Comhar Creidmheasa in Indreabhán trí mheán na Gaeilge.

Tá sé ráite ag Comhar Creidmheasa Cholmcille go bhfuil ról an bhainisteora tábhachtach i gcur chun cinn an Chomhar Creidmheasa agus i gcur chun cinn an cheantair Ghaeltachta.

Tá thar €6 milliún d'iasachtaí tugtha dá mbaill i gceantar an iarthair ag Comhar Creidmheasa Cholmcille.