Sa Phríomhchúirt Choiriúil, thug Gardaí tuilleadh eolais faoi agallaimh a rinne siad le Buachaill A i mí na Bealtaine anuraidh nuair a gabhadh é ar amhras go ndearna sé Ana Kriégel a dhúnmharú.
Léirigh anailís a rinne Gardaí ar fhón póca an bhuachalla gur lorg sé eolas faoi mhodhanna éagsúla le duine a chéasadh.
Tá Buachaill A ag pléadáil neamhchiontach freisin in ionsaí gnéis a dhéanamh ar an chailín scoile.
Dúirt duine den bheirt a bhfuil dúnmharú Ana Kriégel curtha ina leith go raibh bréaga a insint ag an bhuachaill eile.
Tá beirt bhuachaillí atá 14 bliain d’aois ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú chailín scoile Ana Kriégel i dteach feirme tréigthe i bPáirc San Caitríona i Leamhcán ar an 14 Bealtaine 2018.