skip to main content

Cruinniú ag Airí Airgeadais amárach faoi thearmainn chánach

Cruinniú ag Airí Airgeadais amárach faoi thearmainn chánach
Cruinniú ag Airí Airgeadais amárach faoi thearmainn chánach

Beidh cruinniú ag Airí Airgeadais an Aontais Eorpaigh amárach chun liosta a chur i dtoll a chéile de na tearmainn chánach ar fud an domhain.

Sceitheadh eolas aréir faoi mar a chuidigh Banc na hÉireann agus AIB le daoine saibhre cáin a sheachaint trí airgead a chur i dtaisce thar sáile. 

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur fearr an cheist seo a phlé ar bhonn idirnáisiunta tríd an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta.

Dúirt an Taoiseach freisin gur léirigh iniúchadh a rinne an eagraíocht sin go bhfuil Éire ar cheann de 22 tír as 200 atá ag comhlíonadh a cuid dualgas ó thaobh trédhearcacht cánach de.

Ach dúirt urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil gur cheart na bainc a thabhairt os comhair choiste airgeadais an Oireachtais chun ceisteanna a fhreagairt faoin scéal seo.