D'fhulaing teaghlach de sheisear go mór nuair a bhris fir isteach ina dteach i mí Aibreáin 2012, a dúradh i gCúirt Chuarda Luimnigh inniu. Rinne na fir bagairt ar an teaghlach le gunnaí agus d'ionsaigh siad iad sa teach sa tSeanphailís, Co Luimnigh.
Dúradh sa chúirt freisin gur fhulaing a gcomharsana aosta ionsaí bruidiúil agus scanrúil nuair a robáladh iad sé seachtaine ina dhiaidh sin.
Ciontaíodh triúr fear a phleadáil neamhchiontach sna heachtraí robála tar éis triail a mhair naoi seachtaine.
Sin iad san Patrick Roche, 54 bliain d'aois, agus a mhac Philip Roche, 24 bliain d'aois, a bhfuil seoltaí acu i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath agus Alan Freeman a bhfuil seoladh aige i mbaile Thiobraid Árann.
Gearrfar pionós orthu coicís ó Dé hAoine seo chugainn.