skip to main content

Fiosrúchán iomlán faoi shléacht Loch an Oileáin i 1994 á éileamh

Teach tábhairne O'Toole
Teach tábhairne O'Toole

Deir dlíodóirí ghaolta na ndaoine a mharaigh an UVF in ionsaí lámhaigh Loch an Oileáin i gCo an Dúin i 1994 go bhfuil súil acu go gcuirfidh scannán nua faoin ár brú ar na húdaráis é a fhiosrú go hiomlán.

Maraíodh seisear fear nuair a d'ionsaigh beirt bhall den UVF teach tábhairne O'Toole agus custaiméirí ag breathnú ar chluiche sacair i gCorn an Domhain.

Den chéad uair riamh, tá daoine a bhfuil amhras go raibh baint acu leis an ionsaí ainmnithe sa scannán No Stone Unturned a bheas le feiceáil go poiblí ó Dé hAoine seo chugainn ar aghaidh. 

Beidh tuairisc faoin scéal seo ar Nuacht RTÉ agus ar Nuacht TG4 tráthnóna.