skip to main content

Fiosrúchán dúnmharaithe faoi bhás fir i Leitir Ceanainn

Sebastian Adamowicz
Sebastian Adamowicz

Tá fiosrúchán dúnmharaithe curtha ar bun ag Gardaí i Leitir Ceanainn maidir le bás fir 36 bliain d'aois Déardaoin seo caite. Ionsaíodh an fear, Sebastian Adamowicz as an bPolainn, i dteach ar an mbaile an lá roimhe sin.

Cuireadh fios ar na Gardaí go dtí Páirc na Coille i Leitir Ceanainn go gairid roimh 5 a chlog tráthnóna Dé Céadaoin.

Thóg na seirbhísí éigeandála an fear a bhí gortaithe go holc go hOspidéal Leitir Ceanainn ach fuair sé bás Déardaoin mar gheall ar na gortuithe a bhain dó san ionsaí Dé Céadaoin.

Rinne oifigeach an Phaiteolaí Stáit Marie Cassidy scrúdú iarbháis ar a chorp agus tá sé fógartha anois ag na Gardaí go bhfuil fiosrúchán dúnmháraithe ar bun acu.