Tá leagan nua den Chóras Faisnéise Geografaí (GIS) curtha ar fáil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
Is é seo an tríú heagrán den Chóras Faisnéise Geografaí. Cuimsíonn sé na staidrimh ón Daonáireamh mar a bhaineann siad leis na ceantair pleanála teanga. Tá torthaí Dhaonáireamh 2016 curtha san áireamh ann.
Is amharcóir mapa é an GIS a chuireann eolas ar fáil, i gcomhar leis an bPríomh-Oifig Staidrimh, faoi úsáid na Gaeilge sna ceantair éagsúla.
Cuirtear an t-eolas ann i láthair ar bhonn Limistéar Pleanála Teanga, Baile Seirbhíse Gaeltachta nó Líonra Gaeilge.
"Ní hamháin go gcuideoidh an fhorbairt shuntasach atá déanta ar an chóras leis an dream a bheidh ag ullmhú agus ag cur i bhfeidhm pleananna teanga, ach is cinnte go mbeidh spéis ag an ghnáthphobal sa GIS mar a bhaineann sé lena gceantar féin," a dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh.