Bronnfar Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Na Gaeil Óga, cumann lán-Ghaeilge de chuid Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath.
Bhí duine de bhunaitheoirí an chumainn, Ciarán Ó Feinneadha, chomh maith leis an Chathaoirleach Eoin P. Ó Murchú agus Sarah Ní Mhuirí, Rúnaí Choiste na nÓg, faoi agallamh ar An Saol ó Dheas, a craoladh beo ó Oireachtas na Samhna i gCill Airne.
Bunaíodh Na Gaeil Óga sa bhliain 2010 agus tá 300 ball gníomhach acu. Tá foirne; peile, iomanaíochta, camógaíochta agus peil na mban ag an chumann araon le 10 bhfoireann faoi aois.
Imríonn a bhfoirne faoi aois i nGaelscoil Naomh Pádraig agus imríonn a bhfoirne fásta a gcuid cluichí baile i bPáirc an Fhionnuisce agus i bPáirc Naomh Caitríona i Leamhcán.
Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta go mbronnfar an gradam ar an chumann i ngeall ar an obair mhór atá déanta acu le pobal teanga a chothú san ardchathair.
"Is dea-shampla iad do ghrúpaí eile atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn, agus tá bonn láidir curtha acu faoin gcumann leis an struchtúr faoi aois agus iad ag cinntiú go mbeidh siad láidir sna blianta amach romhainn. Guím gach rath ar an obair, gura fada buan iad," a dúirt Mac Donncha.
Bronnfar Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta ar Na Gaeil Óga le linn Chorn Uí Riada oíche Dé Sathairn ag Oireachtas na Samhna.