skip to main content

Buaiteoirí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais

Thug nos.ie duais láithreán gréasáin na bliana leo.
Thug nos.ie duais láithreán gréasáin na bliana leo.

Bronnadh an duais do chraoltóir raidió na bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar Chormac Ó hEadhra as an Cheathrú Rua agus bronnadh an duais do chlár raidió na bliana ar a chlár Cormac@5.

Is é Maitiú Ó Coimín ó tuairisc.ie ar bronnadh gradam iriseoir nó colúnaí na bliana air. Thug nos.ie duais do láithreán gréasáin na bliana leo.

Bronnadh sraith teilifíse na bliana ar ‘Klondike’, sraith a léirigh an comhlacht Abú Media in Indreabhán. Bhuaigh Dara Ó Dubháin  gradam aisteoir na bliana.

Is í Sláine Ní Chathalláin, iriseoir le Nuacht an Deiscirt a bhuaigh Gradam do Réalt Óg na Bliana.

Ba é Eoin Warner, ó Chontae Chorcaí ach atá ina chónaí ar an nGráig in Iarthar Duibhneach a bhuaigh an gradam do chraoltóir teilifíse na bliana.

Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin ar an leabhar ‘Conaire Mór -  Seacht nDoras na Cinniúna’ le Diarmuid Johnson.  Gradam foilsitheoireachta é seo.  Tugadh duais €3,000 don fhoilsitheoir Leabhar Breac agus duais €2,000 d’údar an leabhair.

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Shéamus Mac Géidigh, iar-bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt RTÉ Raidió na Gaeltachta a cailleadh go tobann anuraidh.