Beidh cruinniú speisialta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte inniu, faoi chás Andrew Lydon as an Tuairín i gConamara, a bhfuil an galar néarón luadrach ag dul dó.
Cuireadh Andrew Lydon faoin scian i mí Aibreáin anuraidh. Bhí a theaghlach ag súil is go bhféadfaí é a thabhairt abhaile don Tuairín tar éis na hobráide agus go gcuirfí cóir ansin air.
Tá Andrew san aonad dianchúraim in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh le breis agus bliain, ó cuireadh obráid air le fad a chur lena shaol.
Creideann an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil sárú ar bun ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi na buiséid atá ar fáil don chúram príomhúil.
Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte mí Lúnasa seo caite go raibh siad i mbun comhráite le háisíneachtaí éagsúla sláinte féachaint le pacáiste cúraim baile a chur ar fáil d'Andrew Lydon.