Tá deontas €69,196 ceadaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh do Mhuintearas Teoranta chun cur ar a gcumas clár aclaíochta agus spóirt a reáchtáil don scoilbhliain 2017/2018 i 17 mbunscoil i nGaeltacht Chonamara.
Dúirt an tAire Stáit go dtabharfar tacaíocht bhreise do na scoileanna atá páirteach sa chlár chun deiseanna breise sealbhaithe teanga a chruthú do pháistí.
"Is beart praiticiúil é dá réir, atá ag tacú leis an Phróiseas Pleanála Teanga agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta araon," a dúirt an tAire Stáit. Ceadaíodh an t-airgead faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Seo liosta na mBunscoileanna faoin chlár
|
Scoil Náisiúnta Cholm Cille, Leitir Móir |
|
Scoil Náisiúnta Rónáin, An Trá Bháin |
|
Tigh Nan Dooley, An Cheathrú Rua |
|
Scoil Mhuire, An Tuairín, An Cheathrú Rua |
|
Scoil Náisiúnta Mhic Dara, An Cheathrú Rua |
|
Scoil Náisiúnta an Ard Mhóir, |
|
Scoil Náisiúnta Muire Gan Smál, Camus |
|
Scoil Náisiúnta Mhuire, Turlach Beag, Rosmuc |
|
Scoil Náisiúnta na hAirde Thiar |
|
Scoil Náisiúnta Briocáin, An Gort Mór |
|
Scoil Náisiúnta Naomh Ciaráin, Cill Chiaráin |
|
Scoil Náisiúnta Mhuire, Carna |
|
Scoil Mhuire, Corr na Mona |
|
Scoil Náisiúnta Sailearna, Indreabhán |
|
Scoil Náisiúnta Coilm Cille, Ros a' Mhil |
|
Scoil Náisiúnta na bhforbacha, Na Forbacha |
|
Scoil Náisiúnta Choilm Chille, An Tulach |