Tá Gardaí ag iarraidh ar an phobal teacht chucu le haon eolas atá acu faoi bheirt dheartháireacha óga atá ar iarraidh óna mbaile i Luimneach.
Ní fhacthas Arnel Azad, 5 bliana d‘aois ná a dheartháir Ayaan Azad, 2 bhliain d’aois ó d’fhág siad a mbaile in aice le Cé na nGalbhád ar Bhóthar an Duga i Luimneach i gcuideachta a n-athair, Selim Azad Dé Máirt seo caite.
Creidtear go bhfuil siad i mBaile Átha Cliath agus go bhfuiltear ag taisteal i ngluaistean de dhéantús Nissan Primera 05 L 1598.
Tá Gardaí ag iarraidh ar aon duine ar féidir cuidiú leo i gcuardach na beirte teagmháil a dhéanamh leo ag aon stáisiún Gardaí nó glaoch orthu ag 061-212400 /1800 666 111.