Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh go bhfuil plé faoi phacáiste airgeadais chun tacú le ceiliúradh oifigiúil bliana ar an Ghaeilge in 2018 beagnach tagtha chun críche.
Thug an tAire Stáit Mc Hugh le fios go bhfuil oifigigh Roinn na Gaeltachta ag oibriú le Foras na Gaeilge, Údaras na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge agus leis na ceanneagraíochtaí eile ar mhaithe leis an choincheap a chur chun cinn.
"Tá comhráití ar bun faoi láthair i dtaca le pacáiste airgeadais a aontú d’imeachtaí na bliana agus tá mé dóchasach go bhfeicfidh muid toradh ar na cainteanna seo sula mbeidh Oireachtas na Samhna thart Dé Domhnaigh seo chugainn," a dúirt an tAire Stáit.
Dúirt an tAire Stáit go bhfuil tacaíocht an Taoisigh, faighte don togra cheana féin agus tá spéis léirithe aige i gClár iomlán Bhliain na Gaeilge a sheoladh roimh an Nollaig.