Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar Shéamus Mac Géidigh, iar-bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt RTÉ Raidió na Gaeltachta a cailleadh go tobann anuraidh.
Ba é seo an chéad uair ag An Oireachtas gradam iarbháis a bhronnadh. Ghlac Dolores, bean chéile Shéamuis, leis an ghradam.
Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta gur Gael go smior ab ea Séamus Mac Géidigh agus gur deas "go bhfuair sé an t-aitheantas óna phobal féin, áit a raibh meas agus ómós thar na bearta dó."
Dúirt Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais go raibh Séamus cumasach i mbun a cheirde, eiticiúil ina chur chuige agus cineálta, macánta, fearúil mar dhuine.
"Ní fhéadfaí labhairt ar Shéamus, ar ndóigh, gan a phaisean don spórt agus do chluichí an Chumainn Lúthchleas Gael a lua, paisean nár tháinig trasna riamh ar a ghairmiúlacht ina chuid tráchtaireachta. Ba onóir a bheith ag obair leis ar Oireachtais éagsúla thar na mblianta," arsa Liam Ó Maolaodha.