Deir Teachta Dála Fhianna Fáil i gCiarraí John Brassil nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ar líon na bhfostaithe a theastaíonn ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le seirbhís cheart mheabharshláinte á chur ar fáil do dhaoine óga agus déagóirí i gCiarraí agus i gCorcaigh.
Moladh i straitéis Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i 2006 go bhfostófaí 175 duine i réigiún an Deiscirt chun seirbhís mheabharshláinte a chur ar fáil. Tá 86 duine fostaithe acu faoi láthair atá ag plé le seirbhísí mheabharshláinte do dhaoine óga, de réir eolais atá faighte ag Fianna Fáil.