skip to main content

Líon íseal iarratais ar dheontais ó Ghaeltachtaí na Mumhan

Líon íseal iarratais ar dheontais ó Ghaeltachtaí na Mumhan.
Líon íseal iarratais ar dheontais ó Ghaeltachtaí na Mumhan.

Tá i bhfad níos mó iarratais ar dheontais caiptil iarrtha ar Roinn na Gaeltachta  ó ghrúpaí pobail i gceantair Ghaeltachta Chonamara agus Dhún na nGall le hais Ghaeltachtaí na Mumhan, a dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Joe Mc Hugh.

Dúirt an tAire Stáit, Joe McHugh ar Adhmhaidin gurb é seo an chúis go bhfuil níos mó deontaisí imithe ó thuaidh ná ó dheas le tamall anuas.

Tugadh le fios ar tuairisc.ie chéana gur bronnadh 91% de dheontais caipitil Roinn na Gaeltachta ar eagraíochtaí i nGaeltachtaí Dhún na nGall agus na Gaillimhe le 15 mí anuas.