Tugtar le fios sa tuarascáil faoi na tástálacha bréige anála gur cheart do na Gardaí díriú anois ar na deacrachtaí a chothaigh na tástálacha bréige seachas fiosrúchán mór fada a dhéanamh faoin líon tástálacha bréige.
Léiríonn tuarascáil Crowe Horwarth go bhféadfadh sé go ndearnadh 400,000 tástáil bhréige eile ná mar a tugadh le fios go dtí seo ach gur maith an seans nach mbeidh a fhios go brách cé mhéad acu go barainneach a bhí ann.
Deirtear sa tuarascáil freisin nach mbeadh aon chall scrúdú a dhéanamh ar os leathmhilliún glao teileafóin a taifeadadh in Ionad Eolais an Gharda Síochána i gCaisleán an Bharraigh.
Cur amú ama agus acmhainní a bheadh ann, a deirtear sa tuarascáil, mura dtagann fianaise shoiléir chun cinn go raibh coir nó easpa smachta i gceist.