Tá ceann de na tithe is stairiúla in iarthar Chorcaí ar díol. Sa bhliain 1906, chuir muintir Bhéal Átha an Ghaorthaidh bac ar na húdaráis fear áitiúil Domhnall Ó Mathúna agus a chlann a chur as an teach.
Meastar gurbh é seo an iarracht díshealbhaithe deiridh a tharla in Éirinn le linn Chogadh na Talún.
Easaontas faoi chíos ba chúis leis an iarracht a rinne an tiarna talún Stephen Grehan muintir Uí Mathúna a dhíshealbhú. Caitheadh amach ar thaobh an bhóthair iad agus ghlac ionadaithe Stephen Grehan agus na péas seilbh ar an teach.

An teach i nDrom an Ailigh
Níorbh fhada gur scaip an focal agus bhailigh slua mór de mhuintir na háite agus mháirseáil ar an teach i nDrom an Ailigh.
De réir nuachtán an Cork Examiner, d’ionsaigh an slua an teach le maidí, clocha agus uibheacha lofa. Cuireadh an teitheadh ar aibhéardaithe an tiarna talún agus ar phóilíní an RIC agus fuair muintir Uí Mhathúna seilbh ar an teach arís.
Bhí tacaíocht le fáil ag muintir na háite ó mhic léinn a bhí ag foghlaim Gaeilge i gColáiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh ag an am. Ina measc, bhí Tomás Mac Donnachadha, duine den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta i 1916, agus Tomás Mac Curtain a bhí ina Ard-Mhéara ar chathair Chorcaí ina dhiaidh sin.
Lean cásanna cúirte an eachtra agus gearradh téarmaí príosúin ar sheachtar a bhí páirteach san ionsaí ar na húdaráis. Ar deireadh, tháinig muintir Uí Mhathúna ar shocrú leis an tiarna talún agus fuaireadar teideal ar a ngabháltas.
Deir Seán Ó Súilleabháin ó Chumann Staire Uíbh Laoire go raibh cos i dtaca mhuintir Bhéal Átha an Ghaorthaidh an lá úd ar cheann de na heachtraí ba shuntasaí i stair na háite agus gur léirigh sé aontacht an phobail faoi cheist na talún.

Mairéad Ní Mhathúna. 'Do briseadh ar dhíshealbhú sa tigh seo samhradh na bliana 1906' is ea an mana os cionn an mhatail.
Deir Máiréad Ní Mhathúna, arbh é Diarmuid Ó Mathúna a sin-seanathair, go bhfuil an teach á dhíol anois mar go bhfuil an ghlúin óg scaipthe.
Deir sí go bhfuil an chlann dóchasach go mbeidh tuiscint ag na húinéirí nua ar stair agus oidhreacht an tí.