skip to main content

Cruinniú arís i Stormont inniu ag Sinn Féin agus an DUP

Tá cruinniú i Stormont arís inniu ag Sinn Féin agus an DUP ach níl aon chosúlacht go bhfuil siad gar do réiteach a fháil ar an aighneas a d'fhág nach bhfuil aon rialtas ó thuaidh ó mhí Eanáir seo caite.

Tá foláireamh tugtha ag Stát-Rúnaí an Tuaiscirt James Brokenshire mura bhfuil siad in ann teacht ar shocrú go dtabharfaidh Rialtas na Breataine buiséad don Tuaisceart isteach ag tús na míosa seo chugainn.