skip to main content

Easaontas i measc lucht pleanála teanga i nDún na nGall

Tuigtear go bhfuil malairt tuairimí i measc grúpaí pleanála teanga i nDún na nGall maidir leis na pleananna teanga a seoladh sa chontae an mhí seo caite. 

Seoladh dhá phlean teanga sa chontae - Plean Teanga Ghaoth Dobhair, Anagaire, Rann na Feirste agus Loch an Iúir agus Plean Teanga Chloich Chionnaola. Ceadaíodh €100,000 do gach plean. 

Tá litir thairisceana faighte agus aontaithe ag lucht Chloich Chionnaola dá bplean agus tá an grúpa ag lorg duine leis an bplean a chur i bhfeidhm. 

Maidir le Plean Teanga Ghaoth Dobhair, tá easaontas faoin méid airgid a ceadaíodh agus beidh cruinniú ag an ngrúpa amárach leis an gceist a phlé.

Tá roinnt ball ag iarraidh go nglacfaí leis an tairiscint a rinneadh ainneoin gur €136,000 a d'iarr siad. Tá roinnt ball eile ag iarraidh go seasfaí le pobal Chois Fharraige i gConamara  agus tuilleadh airgid a lorg ar an Roinn.

Tuigtear nach bhfuil Údarás na Gaeltachta sásta aon tairiscint a dhéanamh ach go mbeidh comhaontú idir na baill den ghrúpa faoina bhfuil fúthu a dhéanamh.

Beidh cruinniú ag an ngrúpa leis an Údarás an tseachtain seo chugainn.