skip to main content

€360,000 íoctha ag an Rialtas de bharr na dtuilte i nDún na nGall

€360,000 íoctha ag an Rialtas de bharr na dtuilte i nDún na nGall
€360,000 íoctha ag an Rialtas de bharr na dtuilte i nDún na nGall

€360,000 atá íoctha ag an Rialtas le teaghlaigh, clubanna spóirt agus gnólachtaí a ndearna na tuilte in Inis Eoghain damáiste dá gcuid maoine i mí Lúnasa, a thug an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh le fios.

Íocadh €180,000 de sin le teaghlaigh chun cuidiú leo troscán a cheannach agus a dtithe a athchóiriú. 

Íocadh €185,000 le gnólachtaí beaga agus grúpaí spóirt nach raibh clúdach árachais acu.