skip to main content

Corpas na Gaeilge seolta ag Acadamh Ríoga na hÉireann

Is féidir 3,000 téacs agus 19 milliún focal Gaeilge a cheadú ar líne ó seoladh Corpas na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann tráthnóna inné. Ábhar a foilsíodh idir na blianta 1600 agus 1929 atá ar fáil sa chorpas. 

Cuimsíonn an Corpas réimse leathan ábhair ó stair na tíre seo, ó Theitheadh na nIarlaí in 1607, go dtí saothair an Athar Peadar Ó Laoghaire agus Phádraig Mhic Piarais in An Claidheamh Soluis le linn ré bhisiúil Athbheochan na Gaeilge.

Is céim forbartha é an Corpas i dtreo Foclóir Stairiúil na Gaeilge a fhoilsiú amach anseo.

Tá obair ar bun ar an tionscadal ag Acadamh Ríoga na Éireann i mBaile Átha Cliath le roinnt mhaith blianta agus is iad an fhoireann atá lonnaithe ar an gCarraig i gCo Dhún na nGall a dhéanann an t-ábhar a dhigitiú. 

Tá €1.62 milliún tugtha don togra ag an Rialtas. 

Dúirt an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin Joe McHugh go leanfar leis an bhforbairt agus leis an tacaíocht le cinntiú go gcuirfear Foclóir Stairiúil na Gaeilge i gcrích agus go bhfreastalófar ar riachtanais na teanga sa nua-aois.