Dúirt Ard-Rúnaí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann Liam Doran nach bhfuil an tír seo réitithe má bhíonn drochráig den fhliú ann an geimhreadh seo.
Teastaíonn tuilleadh leapacha agus oibrithe sa chóras sláinte ach ní bheidh ceachtar acu ar fáil, a dúirt sé, roimh an ngeimhreadh.
Dúirt sé go dteastaíonn na mílte leapacha ar an bpointe agus tuilleadh oibrithe príomhchúraim.
Dúirt Príomh-Stiúrthóir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Tony O'Brien gur cheart do dhaoine a mbeadh contúirt sláinte orthu dá bhfaighidís an fliú an vacsaín ina aghaidh a fháil.
Mhaígh sé nár cheart an iomarca airde a thabhairt ar na tuairiscí faoi chomh héifeachtach agus atá an vacsaín in aghaidh cineálacha áirithe den víreas atá san Astráil.