skip to main content

Maoiniú breise le fáil don phleanáil teanga i gCois Fharraige

Maoiniú breise cur ar fáil don phleanáil teanga ag Údarás na Gaeltachta
Maoiniú breise cur ar fáil don phleanáil teanga ag Údarás na Gaeltachta

Tá sé ráite ag Údarás na Gaeltachta go n-aimseofar breis airgid d'Fhóram Pleanála Teanga Chois Fharraige i gConamara lena bplean teanga a chur i bhfeidhm agus go mbeidh an tÚdarás féin in ann cuid de na beartais atá sa phlean a mhaoiniú.

Glacadh d'aon ghuth ag cruinniú den Fhóram Pleanála Teanga aréir nach nglacfaí leis an maoiniú atá Údarás na Gaeltachta a thairiscint leis an bplean teanga a fheidhmiú.

Inniu, thug an tÚdaras le fios go mbeidh os cionn €1 milliún sa bhreis ar fáil an bhliain seo chugainn. Thug siad le fios go bhfaighfear airgead ó fhoinsí eile freisin.

Fógraíodh an mhí seo caite gur €100,000 in aghaidh na bliana agus fostaí amháin a bhí ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta don phlean. Is é Údarás na Gaeltachta atá ag riar an phróisis.

Sa phlean a d'aontaigh Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige le hÚdarás na Gaeltachta i mí an Mhárta, áfach, dúradh go dteastódh €250,000 in aghaidh na bliana chomh maith le triúr fostaithe lánaimseartha leis an obair a dhéanamh.

Casfaidh ionadaithe ón Roinn, ón Údarás agus ón bhFóram le chéile go luath i mí na Samhna leis an scéal a phlé. 

Dúirt an tÚdarás inniu gur cás ar leith é an phleanáil teanga i gCois Fharraige mar go bhfuil 8,000 duine ina gcónaí ann, an limistéar pleanála teanga is mó i ndiaidh Ghaoth Dobhair.