skip to main content

Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl i Toronto

An bád go Meiriceá Thuaidh, 1846
An bád go Meiriceá Thuaidh, 1846

Tá Cuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir 2017 ar siúl i Toronto i gCeanada inniu. Is é an tAire Stáit Patrick O’Donovan atá i láthair ag an ócáid in Ireland Park sa chathair thar ceann an Rialtais.

Ag labhairt dó ag an ócáid, dúirt an tAire Stáit O'Donovan go bhfuil sé thar a bheith cuí gur i Toronto atá an Cuimhneachán Idirnáisiúnta in 2017, 170 bliain i ndiaidh na bliana is measa den Ghorta a dtugtar 47 an Bhróin air. Thug os cionn 110,000 duine faoin turas contúirteach go Ceanada as Éirinn an bhliain sin.

Dúirt an tAire Stáit nach ligfeadh muintir na hÉireann an tráth millteanach sin dár stair i ndearmad go deo agus nach ndéanfaimis dearmad ach oiread ar an bhfáilte fhlaithiúil a chuir muintir Toronto agus muintir Cheanada trí chéile romhainn. 

Ba i Toronto a tionóladh an chéad imeacht comórtha thar lear a d'eagraigh Coiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir i gcuimhne orthu siúd a chuaigh ar imirce lena linn. 

Tionóladh é sna Stáit Aontaithe, i Sasana agus san Astráil chomh maith.