Dúirt Aire Stáit Oifig na nOibreacha Poiblí Kevin 'Boxer' Moran go gcaithfear dlús a chur le híocaíochtaí cúitimh ó chomhlachtaí árachais do theaghlaigh ar scriosadh a dtithe de bharr na dtuilte in Inis Eoghain, Co Dhún na nGall, dhá mhí ó shin.
D'admhaigh an tAire Stáit go raibh dáileadh an airgid ó Chumann na Croise Deirge fadálach ar dtús ach go mbeadh sé féin agus an Rialtas ag iarraidh íocaíochtaí cúitimh a bhrú chun cinn agus tuilleadh cúnaimh a chur ar fáil do dhaoine atá thíos leis.
Bhí cruinniú ag an Aire Stáit le hionadaithe poiblí in Inis Eoghain inniu.
Níos túisce i Machaire Rabhartaigh tugadh eolas dó faoin dochar atá creimeadh an chósta a dhéanamh don trá ansin.
Phéigh an tAire Stáit Moran bealaí le dul i ngleic le creimeadh an chósta le muintir an cheantair. Pléadh freisin an tonnchosc atá geallta do Mhachaire Rabhartaigh agus an clár ama atá leagtha síos dó.
Chuaigh an tAire Stáit Moran as sin go Caisleán na Finne áit ar tugadh eolas dó ar an scrios a rinne tuilte ansin agus ar an tábhacht a bhaineann le ballaí cosanta.