skip to main content

Dhá bhliain go leith sa phríosún gearrtha ar Tom Humphries

Tom Humphries
Tom Humphries

Gearradh téarma príosúin dhá bhliain go leith ar an iaririseoir san Irish Times Tom Humphries faoi theacht i dtír gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach a dhéanamh ar chailín 14 bliain d'aois.

Dúradh ag a thriail gur sheol Tom Humphries, atá 54 bliain d'aois, na mílte téacsanna a raibh ábhar gnéis iontu chuig an gcailín sula ndearna sé mí-úsáid ghnéasach uirthi.

Dúirt an Breitheamh Karen O'Connor i gCúirt Choiriúil Chuarda Bhaile Átha Cliath gur mheasa fós an choir mar gheall ar an difríocht mhór idir aois agus stádas Tom Humphries agus an chailín.