skip to main content

Leithscéal gafa ag AIB agus Bhanc Uladh faoi scannal morgáistí

An tn Aire Airgeadais, Paschal Donohoe
An tn Aire Airgeadais, Paschal Donohoe

Tá a leithscéal gafa ag príomhfheidhmeannaigh AIB agus Bhanc Uladh faoin mbaint a bhí ag an dá bhanc le scannal na morgáistí rianúcháin.

Chas AIB agus Banc Uladh leis an Aire Airgeadais Paschal Donohoe inniu.

Bhí cruinnithe ag an Aire Airgeadais inné le Banc na hÉireann agus banc an KBC.

Táthar ag súil go mbeidh ráitis aontaithe ó na bainc ar fad amárach a thabharfas le fios cén chaoi a rachaidh siad i ngleic leis an scannal.