Tá an dílseoir mór le rá, iarbhall sinsearach den UDA, Glenn Barr, tar éis bháis. Bhí sé 75 bliain d'aois.
Bhí baint mhór ag Glenn Barr le stailc na ndílseoirí i 1974 a chuir deireadh le Comhaontú Sunningdale an bhliain sin.
B'as Doire dó agus bhí sé i gceannas an UDA sa réigiún sin sna seachtóidí.
Le tamall de bhlianta, bhí sé bainteach le tograí pobail agus athmhuintearais.