Tá an fear óg as Baile Átha Cliath Ibrahim Halawa ar ais in Éirinn tar éis dó ceithre bliana a chaitheamh sa phríosún i gCairo san Éigipt.
Bhain sé Aefort Bhaile Átha Cliath amach go gairid tar éis 11 a chlog ar maidin.
I gcúirt i gCairo an mhí seo caite, caitheadh amach na cúisimh ar fad a bhí curtha i leith brahim Halawa, 21 bliain d'aois, arb as Teach na Giúise i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é. Bhain na cúisimh le léirsithe móra i gCairo in 2013.
Níor scaoileadh amach as an bpríosún é go dtí Déardaoin seo caite agus b'éigean dó na dintiúir chuí a fháil sula bhféadfadh sé an Éigipt a fhágáil.
Ghabh Ibrahim Halawa buíochas lena mhuintir agus lena lucht tacaíochta a chuidigh leis agus é i ngéibheann.
Ghabh sé a bhuíochas freisin lena dhlíodóir, leis an Uachtarán Michael D Higgins, le Rialtas na hÉireann, leis an Taoiseach, leis an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney, le hAirí Rialtais eile, le Feisire Eorpach Shinn Féin Lynn Boylan, le hAontas na Mac Léinn agus le heagraíochtaí cearta daonna a thacaigh leis le ceithre bliana.