Tá adhlacóirí i gceantar Chonamara Thiar Thuaidh tar éis tarraingt amach as scéim atá ag Cróinéir na Gaillimhe maidir le coirp a thabhairt go dtí an t-ospidéal le scrúdú iarbháis a chur orthu, a deir an comhairleoir contae neamhspleách Seosamh Ó Cualáin.
Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Seosamh Ó Cualáin nach bhfuil sé ceart nach bhfuil ach €57 á íoc le hadhlacóirí le fanacht ag láthair ina mbeadh scrúdú iarbháis á dhéanamh ar chorp. Dúirt sé go n-íocann na hadhlacóirí féin €30 den tsuim sin as an mála ina gcuirtear an corp.
Cuirfidh sé seo brú ar ghaolta na marbh, arsa an Comhairleoir Ó Cualáin mar gur seirbhís é atá riachtanach sa cheantar.
Dúirt Michael Owens, an té atá i gceannas ar tháillí cróinéara, go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar an scéim faoi láthair.
Mura n-ardaítear an maoiniú atá á chur ar fáil don chróinéir, a deir sé, ní féidir aon athrú eile a chur i bhfeidhm.