Tugtar le fios i dtuarascáil nua a foilsíodh inniu nach bhfuil aon bhrabach tráchtála le déanamh ag lucht forbartha as árasáin a thógáil i gcathair Bhaile Átha Cliath.
Árasáin a mbeadh sé d'acmhainn ag daoine ar mheánioncam iad a cheannach atá i gceist.
Deir Cumann na Suirbhéirí Cairte in Éirinn gur leis an tógáil féin a bhaineann thart ar leath den chostas.
Le cáin bhreisluacha agus táillí suímh a bhaineann an chuid eile, a deir siad.