skip to main content

110 othar nár fhreastail ar choinní in Ospidéal Leitir Ceanainn

Ospidéal Leitir Ceanainn
Ospidéal Leitir Ceanainn

Níor fhreastail thart ar 110 othar ar choinní i Rannóg na nOthar Seachtracha in Ospidéal Leitir Ceanainn an tseachtain seo caite, de réir figiúirí nua atá eisithe.

Nuair nach bhfreastalaíonn daoine ar choinní lae san ospidéal, bíonn costais arda ar an ospidéal agus cuirtear moill ar othair eile atá ag fanacht ar choinní, a dúradh.

Thug urlabhraí ón ospidéal le fios gur údar imní é an méid daoine nach dtagann chun an ospidéil dá gcoinní.

Dúirt an t-urlabhraí go n-athraíonn na figiúirí ó sheachtain go seachtain.  

Níor fhreastail 424 othar ar choinní lae san ospidéal i mí an Mheithimh i mbliana, de réir na bhfigiúirí.