Glacadh d'aon ghuth ag cruinniú d'Fhóram Pleanála Teanga Chois Fharraige i gConamara aréir nach nglacfaí leis an maoiniú atá Údarás na Gaeltachta a thairiscint leis an bplean teanga atá réitithe ag lucht an fhóraim don cheantar a fheidhmiú.
Dar le Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige nach leor an t-airgead atá le cur ar fáil ag an Údarás.
Fógraíodh an mhí seo caite gur €100,000 in aghaidh na bliana agus fostaí amháin a bhí ceadaithe ag Roinn na Gaeltachta don phlean. Is é Údarás na Gaeltachta atá ag riar an phróisis.
Sa phlean a d'aontaigh lucht an fhóraim le hÚdarás na Gaeltachta i mí an Mhárta, áfach, dúradh go dteastódh €250,000 in aghaidh na bliana chomh maith le triúr fostaithe lánaimseartha leis an obair a dhéanamh.
Tá an eagraíocht ag iarraidh cruinniú práinneach anois le Roinn na Gaeltachta agus leis an Údarás féachaint an féidir teacht ar réiteach a chinnteodh go gcuirfí an plean ina iomláine i bhfeidhm.
Socraíodh aréir go mbeadh cruinniú eile den fhóram ann ar 20 Samhain féachaint cén dul chun cinn a bheadh déanta agus cén chéad chéim eile a ghlacfaí.
23 duine thar ceann 19 eagras pobail a bhí i láthair ag an gcruinniú aréir.