skip to main content

Sochraid Eamon Casey i nGaillimh tráthnóna

Sochraid Eamon Casey i nGaillimh tráthnóna
Sochraid Eamon Casey i nGaillimh tráthnóna

D'fhreastal breis is 1,000 duine ar Aifreann Éagnairce an iar-Easpaig, Eamonn Casey in Ard Eaglais na Gaillimhe tráthnóna.

Ina measc bhí Uachtarán na hÉireann Michael D.Higgins. 

Ba é an tEaspag Brendan Kelly, Príomh-Cheiliúraí an Aifrinn. 

Dúirt an tEaspag Kelly gur cuimhin le go leor an cineáltas agus an spreagadh a thug Eamonn Casey in am an gháthair.

Iar-Easpag Chiarraí agus na Gaillimhe Eamonn Casey

Ach dúirt Easpag Achadh Conaire freisin gur chuir na botúin a rinne Eamonn Casey - ina shaol pearsanta isteach go mór - ar phobal na h-eaglaise in Éirinn. 

Bhí Easpag Chluain Fearta, John Kirby, i mbun na seanmóra.

Bhí easpaig eile i láthair freisin.

Chomh maith leis sin bhí sagairt ó dheoisí na Gaillimhe agus Chiarraí, mar aon le cléir eile i láthair ag an tsochraid.

D'fhreastal baill de Chomhairlí Cathrach agus Contae na Gaillimhe ar an ócáid freisin.

Tar éis an Aifrinn adhlacadh corp Eamonn Casey in Uaimh na hArdeaglaise.