Deir Comharchumann Dúiche Sheoigheach nach gcuirfeadh stádas Geopháirce UNESCO isteach ar chead pleanála nó ar fheirmeoireacht ansin. Tá an Chomharchumann ag iarraidh go mbronnfadh na Náisiúin Aontaithe aitheantas ar thírdhreach agus ar gheolaíocht.
Deir Comharchumann Duíche Sheoighneach nach gcuirfeadh stádas Geopháirce UNESCO sa cheantar istech ar chead pleanála nó ar fheirmeoireacht ansin. Tá an Chomharchumann ag iarraidh go mbronnfaí na Náisiúin Aontaithe aitheantas ar thírdhreach agus ar gheolaíocht an cheantair Ghaeltachta.
Is fada cáil ar Dhúiche Sheoigheach de bharr thírdhreach, shléibhte agus lochanna na háite.
Tá Comharchumann Chorr na Móna ag iarraidh aitheantas Geopháirc UNESCO a bhaint amach óna Náisiúin Aontaithe don dúiche.
Aithnítear Geopháirceanna UNESCO mar gheall ar a ngeolaíocht agus a n-oidhreacht.

UNESCO
120 Geopháirc UNESCO atá ar fud an domhain; trí cinn acu in Éirinn - An Bhoirinn ‘s Aillte an Mhothair i gContae an Chláir, ‘an cósta chopáir’ i bPort Láirge agus Uaimheanna na hÁirse Marmair i bhFear Manach.
Dúirt Suirbhé Gheolaíochta na hÉireann go bhfuil Dúiche Sheoigheach ag teacht le critéir UNESCO. Faraor, tá próiseas casta i gceist sula mbronnfar an stádas.
Deir UNESCO go gcaithfeadh an pobal, grúpaí áitiúla agus údaráis áitiúla comhoibriú le chéile i dtaobh bhainistiú na Geopháirce sula mbronnfaí an t-aitheantas idirnáisiúnta.
Meastar go nglacfaidh sé trí bliana leis an aitheantas UNESCO a bhaint amach anseo má bhíonn toil na ngrúpaí éagsúla ann.