Tá a leithscéal gafa ag Ardeaglais Naomh Pádraig, ardeaglais náisiúnta Eaglais na hÉireann, as a dteip cúram cuí a thabhairt dóibh siúd a d'ionsaigh Patrick O'Brien.
Dúirt an Ardeaglais i ráiteas tráthnóna go raibh aiféala orthu chomh maith nár chuir siad an aire agus an tacaíocht a theastaigh uathu ar fáil agus a raibh siad ina theideal, do theaghlaigh na n-íospartach.
Eisíodh ráiteas an lae inniu ocht lá ó chuir Ardeaglais Naomh Pádraig ráiteas caoga dó focal amach nuair a gearradh 13 bliain príosúntachta ar Patrick O'Brien as ionsaithe gnéis agus éigniú a dhéanamh ar thriúr buachaill déag thar thréimhse 40 bliain. Ciontaíodh freisin é as buachaill eile a ionsaí.
Bhí an Ardeaglais ar cheann de na láithreacha inár ionsaigh O'Brien na buachaillí, áit a raibh sé ina chisteoir ar choiste bailithe airgid neamhspleách.
Ina measc siúd a cháin an chéad ráiteas a d'eisigh an Ardeaglais bhí Kerry Lawless, a rinne a sciar féin lena chinntiú go gciontófaí O'Brien as é a ionsaí nuair a bhí sé ina dhalta i Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig i 1989.
An tseachtain seo caite dúirt Kerry Lawless le Nuacht RTÉ gur ar éigean a chreid sé ráiteas na hArdeaglaise a dúirt gur chúis mhór díomá dóibh gníomhartha O'Brien.
Dúirt sé gur theip ar an Ardeaglais páistí a chosaint ó O'Brien ar feadh blianta fada, ainneoin gur cuireadh ar an eolas iad faoina iompar i 1989.
Dúirt sé go raibh sé go mór in amhras faoin moladh a thug an Ardeaglais dóibh siúd a labhair amach.
Ba eisean, a dúirt sé, seachas an Ardeaglais a ba chúis le daoine eile gearán a dhéanamh leis na Gardaí.
Cháin sé an Ardeaglais chomh maith as fanacht ina dtost faoin scannal le linn sheirbhís an Domhnaigh seo caite.
Sa dara ráiteas seo a h-eisíodh tráthnóna, ghabh an Ardeaglais a leithscéal ó chroí as a dteip an cúram agus an tacaíocht chuí a chur ar fáil do na buachaillí agus dá dteaghlaigh.