Tugadh fear 71 bliain d'aois os comhair na Cúirte Dúiche i gCorcaigh inniu maidir le bac a chur ar ionchúiseamh a mhic.
Anuraidh gearradh téarma príosúin sé bliana go leith ar Shane Fitzgerald as an Mhaoilinn, Áth Trasna i dtuaisceart Chorcaí as tiomáint chontúirteach a raibh bás Paudie O'Leary mar thoradh air.
Bhí Paudie O'Leary, athair cheathrar clainne, amuigh ag rothaíocht in aice le Gleann Fleisce in oirthear Chiarraí in Iúil 2012 nuair a leagadh dá rothar é.
Maidin inniu gabhadh Dan-Joe Fitzgerald, athair Shane Fitzgerald, agus tugadh os comhair Chúirt Dúiche Chorcaí é.
Cuireadh ina leith gur chuir sé bac ar Ghardaí ina gcuid iarrachtaí a mhac a ionchúisiú as an choir ar dhátaí éagsúla i dtús mhí Iúil 2012.
Cuireadh an cás siar go dtí an cúigiú lá déag de mhí na Nollag.