Tá iarrtha ag an Rapporteur Speisialta um Chosaint Leanaí ar an Stát dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta agus deir sé nach bhfuil aon ghlacadh aige leis an líon ard leanaí atá a gcur isteach i lóistín éigeandála.
Deir Geoffrey Shannon ina thuarascáil bhliantúil do 2015 gur cheart go dtabharfaí go cuí faoi fhadhb na heaspa dídinne agus gur cheart tuilleadh aonaid de thíthíocht shóisialta a thógáil.
Deir sé chomh maith go gcaithfear tuilleadh a dhéanamh le dul i ngleic leis an sárú is cosúil atá a dhéanamh ar dhlithe na Náisiún Aontaithe maidir le leanaí ón Lucht Siúil, leanaí ar thóir tearmainn, iad siúd atá sa chóras Soláthar Díreach agus iad siúd a bhfuil deacrachtaí meabhar ghalair acu.
Dúirt Cumann Cosanta na Leanaí go dtugann tuarascáil Geoffrey Shannon le fios go bhfuil cearta na leanaí a chuirtear i lóistín éigeandála mí-oiriúnach, á sárú faoin dlí idirnáisiúnta.