Glacfaidh Pat Hickey go hiomlán leis na coinníollacha a leagadh air i gcúirt i Rio de Janeiro an tseachtain seo le go mbeidh cead aige a phas a fháil arais.
Dúirt a dhlíodóir an méid sin tráthnóna
Tá Pat Hickey, iar cheannasaí Chomhairle Oilimpeach na hÉireann, i measc deichniúr atá cúisithe i bhfiosrúchán faoi mhangaireacht ticéad le linn na gCluichí Oilimpleacha níos luaithe i mbliana.
Tá na cúiseanna uilig séanta ag Pat Hickey.
Cé gur scaoileadh saor é coicís i ndiaidh a ghabhála i Rio i mí Lúnasa, choinnigh údaráis na Brasaíle greim ar a phas.
Rialaigh an Breitheamh Juliana Leal de Melo i gCúirt Speisialta Mór Imeachtaí i Rio de Janeiro, go bhfuil cead ag Pat Hickey an Bhrasaíl a fhágáil "le cóir leighis a fháil d'fhadhb sláinte."
Caithfidh sé banna de €410,000 (1.5m dollar Brasaíleach) a íoc leis an chúirt.
Dúirt a dhlíodóir Arthur Lavigne le RTÉ go nglacfaidh Pat Hickey atá 71 bliain d'aois leis na coinníollacha agus go ndéanfaidh sé an tairgead a lóisteáil faoi mar a d'ordaigh an breitheamh.
Ní raibh an dlíodóir cinnte áfach cé chuirfeadh an t-airgead ar fáil le go dtabharfar a phas arais dá chliant.
Dúirt urlabhraí ar shon Chomhairle Oilimpeach na hÉireann inné nach mbeidh an Chomhairle ag íoc as an bhanna.
Dúirt Arhur Lavigne go bhfuil aoibh mhaith ar an Uasal Hickey.