skip to main content

Fuarthas amach i 2013 go raibh síntúis ón phobal á n-úsáid le tuarastal na bhfeidhmeannaigh sinsearacha sa Chlinic a mhéadú

Cuireann an Clinic Lárnach Íocshláinteach seirbhísí ar fáil do bhreis is 3,500 duine sa bhliain
Cuireann an Clinic Lárnach Íocshláinteach seirbhísí ar fáil do bhreis is 3,500 duine sa bhliain

Tá plean nua cúig bliana seolta ag an Chlinic Lárnach Íocshláinteach a bhfuil sé mar aidhm aige an eagraíocht a dhéanamh níos láidre.

Tá an Clinic ag teacht chuige féin ó cheann de na scannail is measa dár bhuail an earnáil charthanacha ariamh, ó fuarthas amach i 2013 go raibh síntúis ón phobal á n-úsáid le tuarastal na bhfeidhmeannaigh sinsearacha a mhéadú.

B'éigean do bhord an Chlinic éirí as i bhfianaise na conspóide.

Dúirt cathaoirleach an Chlinic Kieran J Timmins gur bhain an scannal croitheadh as an eagraíocht. Tá sé tábhachtach nach ligfí na botúin a rinneadh chun dearmaid, a dúirt sé, ach tá sé tábhachtach chomh maith amharc chun tosaigh.

Dúirt Kieran Timmins go ndeachas i gcomhairle leo siúd a bhfuil baint acu leis an chlinic. Faoin bhliain 2021 beidh muid níos láidre agus níos buaine mar eagraíocht - beidh muid ag obair faoi chaighdeáin níos airde agus ábalta freastal ar riachtanais athraitheacha an phobail lena mbaineann muid agus ar pholasaithe náisiúnta nua."

Dúirt an tAire Gnóthaí Míchumais Finian McGrath a sheol an plean darbh ainm "I dTreo 2021" go bhfuil lúcháir air gur mar phlean "beo" a táthar ag dearcadh air seachas "mar fhoilseachán a bheidh ag bailiú deannaigh ar an tseilf." 

I measc phríomh chuspóirí an phlean ó seo go ceann 5 bliana, tá na polasaithe do Leanaí agus Daoine Fásta faoi Mhíchumas a chur i bhfeidhm.

Cuireann an Clinic Lárnach Íocshláinteach seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do bhreis is 3,500 páiste agus duine fásta gach bliain. Tá foireann de 400 fostaí gus 100 oibrí deonach ag obair ann.