skip to main content

Pléadh an teorainn, cistí síochána, conarthaí agus saor-ghluaiseacht daoine agus earraí trasna na teorann

Bunófar grúpa ard-leibhéal le dearcadh an dá thaobh ar an Bhreatimeacht a phlé
Bunófar grúpa ard-leibhéal le dearcadh an dá thaobh ar an Bhreatimeacht a phlé

Deir an Taoiseach Enda Kenny go raibh an plé a rinneadh ag cruinniú an lae inniu den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha ar cheann de na comhráití is fearr go dtí seo ar an Bhreatimeacht.

S'iad Céad Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster agus an Leas Chéad Aire Martin McGuinness a bhí i gceannas ar an chruinniú ar ar fhreastal an Tánaiste Frances Fitzgerald agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Charlie Flanagan.

Pléadh an teorainn, cistí síochána, conarthaí agus saor-ghluaiseacht daoine agus earraí trasna na teorann.

D'fhógair an Taoiseach go bhfuil grúpa le bunú a dhéanfaidh comhordú ar thuairimí maidir le ceist na Breatimeachta agus a chíorfaidh dearcadh Bhaile Átha Cliath agus Stormont ar réimse ábhair.

Tionóltar na cruinnithe seo de chuid na Comhairle Thuaidh Theas dhá uair sa bhliain agus cé nár cheart go mbeadh cruinniú eile ann go dtí an Meitheamh seo chugainn, dúirt an Taoiseach go bhféadfadh sé go dtiocfadh an Chomhairle le chéile arís go luath san Athbhliain sula gcuirfidh an Bhreatain tús leis na cainteanna imeachta as an Aontas Eorpach i mí an Mhárta.

Deireadh achrannach a tháinig leis an chruinniú dheireanach den Chomhairle a tionóladh i mBaile Átha Cliath i mí Iúil nuair a thug Arlene Foster le fios nach mbeadh sise ag glacadh páirte san fhóram uile oileánda ar an Bhreatimeacht a bhí ann níos luaithe an mhí seo.

Tuigtear áfach go bhfuil an teannas idir ceannaire an DUP agus an Taoiseach maolaithe anois.

Dúirt an Taoiseach go raibh an cruinniú a bhí acu i mBaile Áth Cliath i dtús na seachtaine seo "críochnúil."

Ar maidin dúirt an Leas Chéad Aire Martin McGuinness go bhfuil páirtithe ó thuaidh ag tosnú a thuiscint anois gur "gá dóibh oibriú as lámha a chéile le dul chun cinn a dhéanamh."