Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil imní mhór léirithe maidir le roinnt obráidí a rinne máinlia ortaipéideach a bhí fostaithe i dhá ospidéal i nGaillimh.
Níl an dochtúir ag obair in Éirinn níos mó.
Ordaíodh iniúchadh seachtrach ar mháinliacht droma a rinneadh ar 200 othar nuair a tháinig fadhbanna chun solais i ndeireadh na bliana 2014.
Baineann an tuairisc a réitigh beirt chomhairleoirí neamhspleácha le tréimhse dhá bhliain.
Is in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh nó in Ospidéal Pháirc Mhuirlinne a bhí na hothair áirithe seo faoi chúram.
Dúirt an Grúpa Ospidéil Saolta le RTÉ Raidió na Gaeltachta, gur léiríodh imní mhór maidir leis an chúram a cuireadh ar cheathrar othar.
Díol imní a ba é an cúram a tugadh do roinnt mhaith othair eile.
Níor aimsíodh aon imní shuntasach san iniúchadh maidir le formhór na gcásanna a ndearnadh athbhreithniú orthu.
Tá an fiosrúchán críochnaithe anois agus tá teagbháil déanta le gach othar a bhaineann leis. Déanfar athbhreithniú cliniciúil a thairscint dóibh uilig.