skip to main content

AGSI le dul i mbun gníomhaíocht thionsclaíoch i mí na Samhna.

AGSI i mbun máirseála níos túisce i mbliana
AGSI i mbun máirseála níos túisce i mbliana

D'fhógair Cumann Sháirsintí agus Chigirí an Gharda Síochána (AGSI) in Átha Luain inniu go bhfuil sé le dul i mbun ghníomhaíocht thionsclaíoch.

Tá a ngearáin bunaithe ar aighneas faoi phá agus ciúinsí oibre. 

Dúirt an AGSI go dtacóidh sé leis an aighneas atá beartaithe cheana féin ag Cumann Ionadaíoch an Gharda Síochána (GRA) ar na laethanta seo a leanas:

An AGSI i mbun plé inniu i mBaile Átha Luain

4ú  Samhain

11ú Samhain

18ú Samhain

25ú Samhain

Ina theannta sin deir an AGSI nach mbainfidh sé aon úsáid as córas an PULSE idir 7 a'chlog ar maidin go dtí a 7 a'chlog tráthnóna ar na leathanta seo a leanas:

21ú Deireadh Fómhair

28ú Deireadh Fómhair

Dúirt Uachtarán an AGSI, Antoinette Cunningham, go bhfuil comhairle dlí faighte ag an gcumann maidir leis an ghníomhaíocht seo.

Dúirt sí gur bhraith sí go gcaithfí léiriú don Rialtas cé chomh dáiríre is a bhí an AGSI i dtaca le tuarastal a chuid ball a fháil ar ais.

Tá éileamh d'ardú pá 16.5% déanta ag an AGSI.