Dúirt fear óg as Corca Dhuibhne ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu gur éirigh sé as a phost i dteach tábhairne The Flying Enterprise i bPort Uí Shúilleabháin i gcathair Chorcaí mar nach raibh cead aige Gaeilge a labhairt ann.
Dúirt Cormac Ó Bruic ó Bhaile Ghainnín Beag gurbh é úinéir an tí ósta a d'ordaigh dó gan Gaeilge a labhairt.
Dúirt an t-úinéir Finbarr O'Shea ó Inse Geimhleach leis An Saol ó Dheas gurb é an Bearla teanga oibre an tábhairne.
Éist le Cormac Ó Bruic anseo: http://bit.ly/2ccKXzU
Cormac Ó Bruic le scéal spéisiúil @saolodheas anois.. pic.twitter.com/HBTRsJZ2GK
— Saol o Dheas RnaG (@saolodheas) September 8, 2016