skip to main content

Achomharc ar rialú an chomisiúin Eorpaigh maidir leis an gcomhlacht Apple aontaithe ag an gComh-aireacht.

Achomharc ar rialú Apple aontaithe ag an gComh-aireacht
Achomharc ar rialú Apple aontaithe ag an gComh-aireacht

Tá sé aontaithe ag an gcomh-aireacht go bhfuiltear chun achomharc a dhéanamh ar chinneadh an chomisiúin Eorpaigh gur tugadh cabhair stáit mídhleathach luach €13bn don gcomhlacht idirnáisiúnta Apple. 

Rinneadh an cinneadh i ndiaidh cruinniú comh-aireachta a mhair leathuair an chloig. 

Ní raibh Teachtaí Dála ar aon intinn níos luaithe an tseachtain seo faoi ar cheart nó nár cheart don Rialtas achomharc a dhéanamh ar chinneadh an chomisiúin Eorpaigh. 

Bhí roinnt Teachtaí Dála Neamhspleách ach go háirithe nach raibh sásta tacú le hachomharc dlíthiúil. 

Rinne Airí de chuid Fhine Gael an pointe go gcaithfí achomharc a dhéanamh mar go mbeadh tionchar mór ag an rialú ar chúrsaí infheistíochta sa tír seo. 

Tá an Dáil le filleadh luath, Dé Ceadaoin seo chugainn.