Tá fearg ar an ngrúpa Right2Water nach bhfuil réiteach ar chás na dtáillí uisce go fóill.
Tá sé ráite ag Right2Water go bhfuil fearg ar votóirí a bhí i ndiaidh sainordú a thabhairt do Theachtaí Dála chun deireadh a chur le hUisce Éireann agus le táillí uisce, nach bhfuil aon rud déanta faoi go fóill.
Tá slógadh fógartha ag an ngrúpa Right2Water don 17ú Meán Fómhair i mBaile Átha Cliath.
Deir comhordaitheoir an fheachtais David Gibney nach raibh aon mhuinín ag an ngluaiseacht sa phainéal saineolaithe a bhunaigh an Rialtas chun féachaint ar na táillí uisce.
Dúirt an Teachta Dála Clare Daly go raibh sé íorónta go ghlac an Rialtas leis an méid a dúirt an tAontas Eorpach maidir le táillí uisce ach go raibh siad ag cur i gcoinne an méid a rialaíodh faoi bhille cánach Apple.