Tá stráitéis nua do leanaí a thagann slán ón ngalar ailse á lorg ag dochtúir comhairleach in Ospidéal na Leanaí i gCromghlinn.
Deir an tOllamh Owen Smith go n-éiríonn leis an gcuid is mó do leanaí a fhulaingíonn ailse teacht slán ón ngalar.
Maíonn an dochtúir comhairleach Smith gur chóir stráitéis nua a chur i bhfeidhm chun freastal ar riachtanaisí sláinte leanaí a thagann slán ón ngalar ailse.
Dúirt an dochtúir áfach go bhfuil 75% de sheans ann go bhfaighfidh na leanaí seo galar ainsealach níos déanaí ina saol.
Dúirt an tOllamh Smith go ndéanann na drúgaí agus an radaiteiripe a thugtar do dhaoine óga a mbíonn ailse orthu damáiste agus dochar don DNA.
Dúirt sé má mhaireann na leanaí seo ar feadh 30 bliain nó níos mó i ndiaidh na diagnóise, go bhfuil seans láidir ann go mbualfaidh galar ainsealach iad.
Dúirt sé go bhfuil plean sláinte ar leith ag teastáil ó na leanaí seo agus go bhfuil súil aige go raghfaidh stráitéis ailse an Rialtais i ngleic le galair ainsealach.
Dúirt sé go mbeidh ar an Rialtas achmhainní airgeadais a chur ar fáil ina leith seo.